Notes

Notes on Sraith Pictiúr 7: Obair dhian: torthaí maithe san Ardteistiméaracht

Read and listen to our H1 standard notes on Sraith Pictiúr 'Obair dhian: torthaí maithe san Ardteistiméaracht' below:

/

Pictiúr 1

Sa phictiúr seo, feicimid Síle in oifig an Máistir Ó Ceallaigh, an comhairleoir gairmthreorach.

We see Síle in Mr O Ceallaigh's office, the guidance counsellor’s office

Tá siad ag plé cúrsaí ollscoile.

They are discussing university courses

Tá suim ag Síle sa cheimic agus tá sí ag lorg eolais maidir le cúrsa amháin i nGaillimh.

Síle’s interested in chemistry and she’s looking for information regarding a course in Galway

Dar le Máistir Ó Ceallaigh, ní mór di obair dhian a dhéanamh toisc go bhfuil ceithre chéad pointe ag teastáil uaithi chun an cúrsa a fháil.

According to Mr Ó Ceallaigh, she must work hard as she needs 400 points to get the course

Pictiúr 2

I bpictiúr a dó, feicimid Síle agus Siobhán i gclós na scoile.

We see Síle and Siobhán in the school yard

Taobh thiar dóibh, tá beirt bhuachaill ag imirt cispheile.

Behind them, there are 2 boys playing basketball

Tugann Siobhán cuireadh do Shíle dul chuig an dioscó an oíche sin ach níl fonn uirthi dul ann toisc go bhfuil an iomarca obair bhaile aici.

Siobhán invites Síle to go to the disco that night but Síle doesn’t want to go as she has too much homework

Pictiúr 3

I bpictiúr a trí, faigheann Síle glaoch óna cara, Seán.

Síle gets a call from her friend Seán

Iarrann sé uirthi dul go dtí an phictiúrlann an oíche sin.

He asks her if she’d like to go to the cinema that night

Dar leis, tá scannán iontach ar siúl sa Savoy, ag tosú ar a hocht a chlog.

According to him, there’s a great film on in the Savoy, starting at 8 o'clock

Deir Síle go bhfuil brón uirthi ach ní féidir leí dul toisc go bhfuil aiste le scríobh aici.

Síle says she’s sorry but she can’t go as she has an essay to write

Pictiúr 4

Sa phictiúr seo, feicimid Síle ag staidéar ina seomra codlata. Is léir go bhfuil sí ag obair go dian dícheallach.

We see Síle studying in her bedroom. It’s clear that she’s working really hard

Ansin, feicimid tuismitheoirí Shíle ag ól cupáin tae sa chistin.

Then, we see her parents having a cup of tea in the kitchen

Deir athair Shíle go bhfuil sé buartha fuithi. Dar leis, tá sos ag teastáil uaithi ón staidéar agus ba chóir di dul amach san aer úr.

Her father says he’s worried about her. According to him, she needs a break and she should go out into the fresh air

Dar lena máthair is cailín ciallmhar í Síle agus tá a fhios aici cad atá ar siúl aici. Is féidir léi dul amach ag an deireadh seachtaine agus níl ach cúpla mí fágtha go dtí na scrúdaithe.

Her mother reckons she’s a clever girl and she knows what she’s doing. She can go out at the weekends and there are only a few months left until the exams

Pictiúr 5

Lá na dtorthaí atá ann.

It’s results day

Tá ceithre chéad caoga pointe gnóthaithe ag Síle agus tá gliondar an domhain uirthi leí féin.

She’s achieved 450 points and she’s delighted with herself

Molann clann Shíle í go hard na spéire.

Her family praise her to the heights

Dar le hÁine, tá a rath tuillte aici toisc go ndearna sí sár-iarracht i rith na bliana.

According to Áine, she deserves her success as she worked so hard during the year

Pictiúr 6

I bpictiúr a sé, tá Síle i mbun clárúcháin dá cúrsa eolaíochta in ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Síle is registering for her chemistry course in NUIG

Ba bhóthar fada é di ach tá Síle iontach sásta go bhfuil sí anois ag a ceann scríbe.

It was a long road but she’s really happy that she has arrived at her destination

Ceisteanna

1. Cad atá ar siúl ag na buachaillí i bpictiúr a dó?

What are the boys doing in picture 2?

2. Cén fáth nach féidir léi dul go dtí an phictiúrlann?

Why can she not go to the cinema?

3. Cén chuma atá ar Shíle i bpictiúr a sé?

How does Síle look in picture 6?

Gramadach

  • Iarr + ar / he asks her - iarann uirthi
  • Ní mór di / she must
  • Athair Shíle / tuiseal ginideach - possession - Síle's father
  • na dtorthaí / ainmfhocal uimhir iolra sa tuiseal ginideach = day of the results

Foclóir A-Z

  • Ghairmthreoir / career guidance

  • Comhairleoir / counsellor

  • Clós / yard

  • Dícheallach / diligent

  • Úr / fresh

  • Ciallmhar / clever

  • Gnóthaithe / earned/worked up

  • Rath / success

  • Clárúchán / registration

  • Ceann scríbe / destination

'-ing'

  • Ag tosú / starting
  • Ag plé / discussing
  • Ag lorg / looking/searching for

An Bhéaltriail

1. An bhfuil sé ar intinn duit dul go dtí an ollscoil?

Do you plan on going to university?

2. Cad iad do phleananna tar éis na hÁrdteiste?

What are your plans after the LC?

3. An dtaitníonn an staidéar leat?

Do you like studying?

To watch all these notes read aloud, click below!

Want more tips on how to do well in your Irish orals? Click the button below to listen to our podcast!

Related subjects & topics
Explore similar posts in our community