Notes

Notes on Sraith Pictiúr 1: Rialacha na Scoile

Start preparing for your oral exam with our H1 sraith pictiúr notes. 

Notes

Read and listen to our notes on Sraith Pictiúr 'Rialacha na Scoile' below:

Listen Here

/

Pictiúr 1

Sa chéad phictiúr feicimid príomhoide Ardscoil an Chnoic agus í ar a slí go dtí an tionóil seachtainiúil.
In the first picture, we see the principal of Ardscoil an Chnoic on her way to the weekly assembly.

Ag an tionól seo, labhróidh sí le daltaí na scoile faoi imeachtaí na seachtaine agus mar is gnáth, rachaidh sí trí rialacha na scoile.
At this assembly, she’ll talk to the students about the events of the week and as per usual, she’ll go through the school rules.

Is iad na rialacha atá acu ná; meas a bheith ar chách, éide scoile a chaitheamh, an scoil a choimeád mar shuíomh sona, obair go dícheallach, gan bhulaíocht a dhéanamh, gan ghuma a chogaint nó tobac a chaitheamh agus faoi dheireadh, gan alcól a ól nó drúgaí a thógáil.
The rules they have are; respect everyone, wear uniforms, keep the school as a happy place, work diligently, don’t bully, don’t chew gum or smoke and finally, don’t drink alcohol or take drugs.

Pictiúr 2

I bpictiúr a dó is follas nár éist roinnt de na daltaí leis an bpríomhoide agus feicimid iad ag briseadh na rialacha.
In Picture 2 it’s clear that some of the students didn’t listen to the principal and we see them breaking the rules.

Tá buachaillí ann ag imirt peile ach go tobann tosnaíonn siad ag troid, ní suíomh sona é ar aon nós!
There are boys playing football but suddenly they start to fight, it’s not a happy place anyway!

Ansin, feicimid cailíní ag briseadh na rialacha freisin taobh thiar den bhothán rothar agus iad ag caitheamh tobaic.
Then, we see girls breaking the rules as well behind the bike shed smoking.

Pictiúr 3

I bpictiúr a trí, beireann beirt mhúinteoir, an tUasal Ó Briain agus Bean Uí Thuama ar na daltaí a bhris rialacha na scoile.
In picture 3, two teachers, Mr O'Brien and Mrs Twomey catch the students who broke the school rules.

Tá siad an-chrosta leo. Cuireann an tUasal Ó Briain i gcuimhne do na buachaillí a bhí ag troid gurb iad rialacha na scoile meas a bheith ar a chéile agus suíomh sona a chruthú. Fiafraíonn sé díobh an bhfuil aon rud le rá acu.
They are very cross with them. Mr O'Brien reminds the boys who were fighting that the school rules are to show respect for each other and to create a happy place. He asks if they have anything to say.

I gcás na gcailíní, tá Bean Uí Thuama ag tabhairt amach chomh maith. Deir sí go ndéanann tobac dochar dá sláinte agus gur cur amú airgid é.
In the girls’ case, Mrs Twomey is giving out as well. She says that smoking damages your health and it’s a waste of money.

Pictiúr 4

Nuair a théann na daltaí abhaile, ceistíonn a dtuismitheoirí iad.
When the students go home, their parents interrogate them.

Deir siad go bhfuair siad glaoch ón scoil sa tráthnóna ag rá go raibh a bpáiste i trioblóid; fiafraíonn siad díobh cad a rinne siad.
They say they received a call from the school in the afternoon saying that their child was in trouble; they ask them what they did.

Dar leo, beidh cruinniú acu leis an bpríomhoide ar maidin faoi.
According to them, there will be a meeting with the principal in the morning about this.

Tá ionadh agus scanradh ar na daltaí, tá a fhios acu go bhfuil siad i bponc ceart anois.
The students are shocked and scared. They know now that they’re in a proper fix.

Pictiúr 5

I bpictiúr a cúig, feicimid Seán, duine de na buachaillí troiblóideacha lena thuismitheoirí os comhair an phríomhoide.
In Picture 5, we see Seán, one of the troublesome boys, with his parents in front of the principal.

Insíonn an príomhoide leo cad a tharla. Níl tuismitheoirí Sheáin sásta agus tá náire ar Sheán.
The principal tells them what happened. Seán’s parents aren’t happy and Seán is ashamed.

Tá na daltaí troiblóideacha eile sa seomra feithimh lena dtuismitheoirí ag feitheamh leis an bpríomhoide.
The other troublesome students are in the waiting room with their parents, waiting on the principal.

Pictiúr 6

Sa phictiúr deireanach, feicimid na daltaí a bhris rialacha na scoile i gcoinneáil tar éis scoile.
In the final picture, we see the students who broke the school rules in detention after school.

Is é an píonós do chaitheamh tobaic ná uair an chloig amháin i gcoinneáil tar éis scoile agus is é an píonós do throid ná dhá uair an chloig.
The punishment for smoking is one hour in detention and the punishment for fighting is 2 hours.

Tá na daltaí ag staidéar rialacha na scoile agus tá ceacht foghlamtha acu anois; ní bhrisfidh siad na rialacha riamh arís!
The students are studying the school rules and they’ve learned a lesson now; they won’t break the rules ever again!

Ceisteanna

  • 1

    Cá bhfuil an príomhoide ag dul i bpictiúr a haon?
    (Where is the principal going in picture 1?)

  • 2

    Cad atá ar siúl ag na cailíní ag bun an phictiúir i bpictiúr a dó?
    (What are the girls doing at the bottom of Picture 2?)

  • 3

    Cén t-am é i bpictiúr a sé?
    (What time is it in Picture 6?)

Gramadach

Imeachtaí na seachtaine

Tuiseal Ginideach...seachtain = seachtaine

Cur amú airgid

Tuiseal Ginideach...airgead = airgid

Fiafraíonn siad díobh

Fiafraigh + de
Leis an bpríomhoide Leis an + urú

Foclóir A-Z

  • Tionóil
    (assembly)

  • Éide scoile
    (uniform)

  • Suíomh
    (site/place/area)

  • Bothán rothar
    (bike shed)

  • Dochar
    (damage)

  • Cruinniú
    (meeting)

  • I bponc
    (in trouble/in a fix/stuck)

  • Náire
    (shame)

  • Coinneáil
    (detention)

  • Píonós
    (punishment)

'ing'

  • Ag tabhairt amach
    (giving out)

  • Ag troid
    (fighting)

  • Ag feitheamh
    (waiting)

An Bhéaltriail

  • 1

    Cad iad na rialacha scoile sa scoil seo?
    (What are the rules in this school?)

  • 2

    An raibh tú riamh i dtrioblóid ar scoil?
    (Were you ever in trouble at school?)

  • 3

    Cad é do mheas ar chaitheamh tobac?
    (What is your opinion on smoking?)

  • 4

    An bhfuil córas i bhfeidhm in aghaidh bulaíochta i do scoil?
    (Is there a system against bullying in your school?)

Want more tips from a state examiner for the béaltriail? Click the button below to listen to our podcast.

Related subjects & topics
Explore similar posts in our community