Notes

Notes on Sraith Pictiúr 12: Sláinte na nÓg – Seachtain na Sláinte

Start preparing for your oral exam with our H1 sraith pictiúr notes. 

Notes

Read and listen to our notes on Sraith Pictiúr 'Sláinte na nÓg – Seachtain na Sláinte' below:

Listen Here

/

Pictiúr 1

Sa phictiúr seo, maidin Luain atá ann ag leathuair tar éis a naoi agus tá príomhoide na scoile ag tabhairt fógra do na daltaí ar an idirchum.
In this picture, it’s Monday morning at half nine and the principal is giving an announcement to the students on the intercom.

Dar leí, Seachtain na Sláinte atá inti ar scoil agus cuirfear béim ar shláinte na ndaltaí a chur chun cinn le linn na seachtaine.
According to her, it’s Health Week at school and an emphasis will be put on promoting student health during the week.

Pictiúr 2

Mar chuid de Sheachtain na Sláinte, déanann an scoil iarracht na daltaí a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí spóirt.
As part of Health Week, the school tries to encourage the students to take part in sports.

Eagraítear cluiche peile idir na daltaí agus na múinteoirí i bpáirc na scoile.
A football match is organised between the teachers and the students on the school pitch.

Ansin, i Halla na Scoile, cuirtear ranganna aclaíochta ar siúl do na daltaí agus baineann siad an-taitneamh astu.
Then, in the school hall, fitness classes are held for the students and they really enjoy them.

Pictiúr 3

I gceaintín na scoile, tá bia sláintiúil ar nós torthaí, íogart agus arán donn tí ar díol agus tá an-tóir orthu.
In the school canteen, healthy food like fruit yoghurt and soda bread are on sale and are very popular.

Feicimid ansin buachaill amháin agus bia gasta á ithe aige.
Then, we see one boy eating fast food.

Is léir nach dtuigeann sé go ndéanann bia mar seo dochar don tsláinte má itear an iomarca de.
It’s clear that he doesn’t realise that food like this does damage to one’s health if one eats too much of it.

Pictiúr 4

Chun airgead a bhailiú le haghaidh trealamh spóirt don scoil, reachtáltar siúlóid urraithe agus is imeacht rathúil amach is amach é.
To raise money for school sports equipment, a sponsored walk is held and it’s a hugely successful event.

Glacann idir mhúinteoirí agus dhaltaí páirt sa tsiúlóid lá grianmhar amháin.
Both teachers and students take part in the walk one sunny day.

Pictiúr 5

Sa phictiúr seo, labhraíonn aoichainteoir faoi fhadhbanna mheabhairshláinte leis na daltaí.
In this picture, a guest speaker talks to the students about mental health problems.

Spreagann sí na daltaí labhairt lena dtuismitheoirí nó lena múinteoirí má tá aon rud ag cur isteach orthu.
She encourages the students to speak to their parents/teachers if there’s anything bothering them.

Gan dabht, tá na daltaí ag éisteacht go géar leis an gcomhairle.
Without a doubt, the students are listening carefully to the advice.

Pictiúr 6

Tráthnóna Aoine atá ann agus feicimid an príomhoide ar an idirchum arís.
It’s Friday afternoon and we see the principal on the intercom again.

Molann sí na daltaí as ucht na hiarrachta a rinne siad le linn Seachtain na Sláinte.
She praises the students for their efforts during Health Week.

Seachtain den scoth a bhí inti agus tá an príomhoide fíorbhuíoch do gach duine.
It was a fantastic week and the principal is very grateful to everyone.

Ceisteanna

  • 1

    Cad atá ar siúl i Halla na Scoile?
    (What is happening in the school hall?)

  • 2

    Cén sórt bia atá ar fáil sa cheaintín?
    (What type of food is available in the canteen?)

  • 3

    Cén fáth a bhfuil siúlóid urraithe ar siúl?
    (Why is the sponsored walk being held?)

Gramadach

Páirt a ghlacadh
(to take part)

 

Idir mhúinteoirí agus dhaltaí
(both teachers and students)

 

Reachtáltar
(is held)

Briathar Saor Aimsir Láithreach

Halla na scoil

Tuiseal Ginideach (possessive) an scoil = halla na scoile.

Foclóir A-Z

  • Idirchum
    (intercom)

  • Béim (a chur)
    ((to put) emphasis)

  • A chur chun cinn
    (promoting)

  • Ranganna aclaíochta
    (athletics classes)

  • Le linn
    (during)

  • Bia gasta
    (fast food)

  • Trealamh
    (equipment)

  • Urraithe
    (sponsored)

  • Meabhairshláinte
    (mental health)

  • Siúlóid
    (walk)

'ing'

  • Ag tabhairt (fógra)
    (giving an announcement)

  • Á ithe
    (eating)

An Bhéaltriail

  • 1

    Cad a ndéanann tú chun cóimeád sláintiúil?
    (How do you stay healthy/fit?)

  • 2

    An bhfuil ceaintín sa scoil seo?
    (Does this school have a canteen?)

  • 3

    An bfhuil fadhb again sa tír seo le bia gasta?
    (Do we have a problem with fast food in Ireland?)

Want more tips from a state examiner for the béaltriail? Click the button below to listen to our podcast.

Related subjects & topics
Explore similar posts in our community