Notes

Notes on Sraith Pictiúr 14: Madra ar Strae

Start preparing for your oral exam with our H1 sraith pictiúr notes. 

Notes

Read and listen to our notes on Sraith Pictiúr 'Madra ar Strae' below:

Listen Here

/

Pictiúr 1

I bpictiúr a haon, faigheann Seán téacs óna chara Síle.
In picture 1, Seán gets a text from his friend Síle.

Deir an téacs go bhfuil a madra imithe ar strae. Tá ionadh ar Sheán.
The text says that her dog has gone missing. Seán is shocked.

Tá cabhair ag teastáil ó Shíle a madra a aimsiú, mar sin, téann Seán díreach chuig a teach.
Síle needs help finding her dog so Seán goes straight to her house.

Pictiúr 2

Sroicheann Seán an teach agus is follas a fheiscint go bhfuil Síle trína chéile. Feictear í ag caoineadh.
Seán reaches the house and Síle is obviously upset. We see her crying.

Beireann Seán barróg uirthi agus deir sé léi gan a bheith buartha. Iarrann sé uirthi an scéal a insint dó.
Seán gives her a hug and tells her not to worry. He asks her to tell him what happened.

Suíonn siad síos ag bord na cistine agus insíonn Síle dó cad a tharla. Pléann siad le chéile na rudaí gur féidir leo a dhéanamh chun an madra a aimsiú.
They sit down at the kitchen table and Síle explains what happened. They discuss together the things they can do to find the dog.

Pictiúr 3

I bpictiúr a trí, beartaíonn an bheirt úsáid a bhaint as na meáin chumarsáide chun teacht ar an madra.
In picture 3, the two decide to use the media to find the dog.

Cuireann Síle glaoch ar an raidió áitiúil, “An Raidió Pobail”. Deir an láithreoir léi go gcuirfidh sé fógra amach faoi.
Síle calls the local radio, “An Raidio Pobail”. The presenter tells her that he’ll put out an announcement about it.

Chomh maith leis sin, cuireann Seán fógra suas ar Facebook ag rá go bhfuil madra beag bán agus dubh ar iarraidh. Jojo is ainm dó agus ba chóir téacs a sheoladh chuige má tá eolas ag éinne faoi.
As well as that, Seán puts an announcement up on Facebook saying that a small white and black dog is lost. Jojo is his name and if anyone has any information about him they should text him.

Pictiúr 4

Téann Seán agus Síle go dtí lár an bhaile ag lorg Jojo.
Seán and Síle go to the town centre to look for Jojo.

Tosaíonn siad ag béicíl agus ag screadaíl a ainm in árd a gceann is a nguthanna.
They start screaming and shouting his name at the top of their lungs.

I bpreabadh na súl, faigheann Síle glaoch teileafóin. Freagraíonn sí é gan leisce.
Suddenly, Síle gets a phone call. She answers it without hesitation.

Pictiúr 5

I bpictiúr a cúig, faigheann Síle dea-scéal iontach. Tá Jojo aimsithe ag duine éigin.
In picture 5, Síle gets good news. Jojo has been found by someone.

Iarann sí ar an duine ar an nguthán fanacht san áit ina bhfuil siad.
She asks the person on the other end to stay where they are.

Insíonn sí an dea-nuacht do Sheán agus beireann sí barróg eile air. Tá ríméad an domhain uirthi faoina madra agus tá faoiseamh ollmhór ar an mbeirt acu.
She tells Seán the good news and gives him another hug. She is delighted about her dog and they are both very relieved.

Pictiúr 6

Sa phictiúr deireanach, buaileann Síle leis an bhfear a d’aimsigh Jojo. Tá Jojo ar iall ghearr aige.
In the last picture, Síle meets up with the man who found Jojo. He has him on a short leash.

Deir sé go raibh sé san ionad siopadóireachta nuair a chonaic sé Jojo. Dar leis, bhí sé faiteach agus lean sé é. Tugann sé an madra ar ais do Shíle.
He says he was in the shopping centre when he saw Jojo. According to him, Jojo was frightened and followed him. He gives the dog back to Síle.

Filleann Síle ar an mbaile agus tá a tuismitheoirí ag fanacht ag leac an dorais. Tá áthas an domhain orthu an bheirt acu a fheiscint slán sábháilte. Iarrann Daid uirthi an scéal a insint dóibh. Is léir go gcaithfidh Síle níos mó aire a thabhairt don mhadra as seo amach!
Síle returns home and her parents are waiting at the door for her. They are both very happy to see both of them safe. Dad asks her to tell them what happened. It’s clear that Síle needs to take more care of the dog from here on out!

Ceisteanna

  • 1

    Cad is ainm don mhadra?
    (What is the dog’s name?)

  • 2

    Cén áit ar aimsigh an fear an madra?
    (Where did the man find the dog?)

  • 3

    Cén chaoi a bhfuil Síle i bpictiúr a dó?
    (In what way is Síle in picture 2?)

Gramadach

Leac an dorais

Tuiseal Ginideach (an doras = an dorais)

Ó Shíle

Ó + séimhiú (h)

Iall ghearr 

iall = feminine noun + h

A madra
(her dog)

no séimhiú (h) on madra because of the feminine possessive pronoun

Foclóir A-Z

  • Leac an dorais
    (doorstep)

  • Iall
    (leash)

  • Barróg
    (hug)

  • Ar strae
    (missing)

  • Trína chéile
    (upset)

  • Gan leisce
    (without hesitation)

  • Dea-scéal
    (good news)

  • Faoiseamh
    (relief)

  • Faiteach
    (nervous/frightened)

  • Ionad siopadóireachta
    (shopping centre)

'ing'

  • Ag screadaíl
    (screaming)

  • Ag fanacht
    (waiting)

  • Ag lorg
    (looking/searching for)

An Bhéaltriail

  • 1

    An bhfuil peata agat?
    (Do you have a pet?)

  • 2

    An ndeachaigh aon rud ar strae duit ag am éigin?
    (Did anything of yours ever go missing?)

  • 3

    An maith leat ainmhí?
    (Do you like animals?)

Want more tips from a state examiner for the béaltriail? Click the button below to listen to our podcast.

Related subjects & topics
Explore similar posts in our community