Notes

Notes on Sraith Pictiúr 16: Agallamh do Nuacht TG4 @ 7

Start preparing for your oral exam with our H1 sraith pictiúr notes. 

Notes

Read and listen to our notes on Sraith Pictiúr 'Agallamh do Nuacht TG4 @ 7' below:

Listen Here

/

Pictiúr 1

I bpictiúr a haon, feicimid an lárionad siopadóireachta lá amháin ag a dó a chlog, lán le siopadóirí ag ceannach agus ag féachaint ar earraí éagsúla.

In picture 1, we see the shopping centre one day at 2 o'clock, full of shoppers buying and looking at various goods.

Tá rogha leathan ann: is féidir éadaí áille a cheannach i "Rogha na bhFaisean" nó in "Éadaí Deasa", is féidir lón blasta a ithe i "mBia den Scoth" agus tá siopa crua earraí ann freisin.

There are lots of choices there: nice clothes can be bought in Rogha na bhFaisean or Éadaí Deasa, a tasty lunch can be eaten in Bia den Scoth and there is also a hardware shop.

Tá triúr cara, Ciara, Liam agus Seán, ina suí ag bun an staighre. Tá siad ag tógáil sosa ón tsiopadóireacht.

Three friends, Ciara, Liam and Seán, are sitting at the bottom of the stairs. They are taking a break from shopping.

Pictiúr 2

I bpictiúr a dó, tagann beirt fhear anall chuig na déagóirí. Tá micreafón ag duine amháin acu agus ceamara ag an duine eile.

In picture 2, two men come up to the teenagers. One of them has a microphone and the other has a camera.

Is léir gurb ó TG4 iad.

It’s clear they’re from TG4.

Fiafraíonn siad don triúr an bhfuil Gaeilge acu agus an bhfuil cead acu cúpla ceist a chur orthu.

They ask them if they have Irish and if can they ask them a couple of questions.

Tá na déagóirí lán-sásta agallamh gearr a dhéanamh.

The teenagers are happy to have a small interview.

Pictiúr 3

Tosaíonn an t-agallamh ansin agus is é téama an agallaimh ná “saol daoine óga inniu.”

The interview then starts and the theme is "the lives of young people today”.

Iarrann an t-agallóir ar na déagóirí a dtuairimí faoin téama a roinnt.

The interviewer asks the teenagers to give their opinions on the theme.

Tosaíonn an ceamara ag taifeadadh. Beidh an t-agallamh á chraoladh ar Nuacht TG4 ag a seacht.

The camera starts recording. The interview will be broadcast on TG4 news at 7.

Pictiúr 4

Tosaíonn na déagóirí go léir ag roinnt gach tuairim atá acu faoi shaol daoine óga inniu.

The teenagers start throwing out every opinion they have about the life of young people today.

Deir Seán gurb é cúrsaí airgid ceann de na fadhbanna is mó atá ag daoine óga sa lá atá inniu ann agus ag fáil post.

Seán says that money is one of the problems that young people face today as well as finding a job.

Ceapann Ciara go gcuireann an scoil, na scrúduithe agus tuismitheoirí brú agus strus ar dhéagóirí.

Ciara thinks that school, exams and parents put pressure and stress on teenagers.

Dar le Liam, is iomaí buntáiste a bhaineann le saol an duine óig, mar shampla, am saor, bia maith agus saol sóisialta maith.

According to Liam, there are advantages to being a young person as well such as free time, good food and a good social life.

Pictiúr 5

I bpictiúr a cúig, cuireann Liam ceist ar an agallóir cén t-am a mbeidh an t-agallamh á chraoladh ar an teilifís.

In picture 5, Liam asks the interviewer what time the interview will be broadcast on the television.

Deir an t-agallóir go mbeidh sé ar siúl ag a seacht a chlog an oíche sin.

The interviewer says it’ll be on at 7 o'clock that night.

Tugann foireann TG4 éadaí brandáilte ó TG4 do na déagóirí lena mbuíochas a ghabháil leo.

The TG4 team gives the teenagers branded clothing from TG4 as a thank you.

Tá siad lánsásta leo féin agus lena n-éadaí nua in aisce.

They’re delighted with themselves and their new free clothes.

Pictiúr 6

Sa phictiúr deireanach, feicimid na déagóirí ina suí os comhair na teilifíse i dteach Liam lena thuismitheoirí. Tá siad ag féachaint ar an agallamh.

In the last picture, we see the teenagers sitting in front of the television in Liam’s house with his parents. They’re watching the interview.

Ceapann máthair Liam go bhfuil an clár agus tuairimí na ndéagóirí an-spéisiúil.

Liam’s mother thinks the programme and the teenager’s opinions are very interesting.

Níl a athair chomh cinnte. Ní raibh fhios aige go raibh daoine óga faoi bhrú agus ní aontaíonn sé go bhfuil saol deacair ag daoine óga. Is léir gur ábhar conspóideach é.

His father isn’t sure. He didn’t know that young people were under pressure and he doesn’t agree that they have a hard life. It’s clear it’s a controversial subject.

Ceisteanna

  • 1

    Ainmnigh siopa amháin atá le feiceáil i bpictiúr a haon.
    (Name one shop that can be seen in picture 1.)

  • 2

    Cad atá i lámh an agallóra i bpictiúr a trí?
    (What is in the interviewer’s hand in picture 3?)

  • 3

    Cad a cheapann máthair Liam faoin agallamh?
    (What does Liam’s mother think about the interview?)

Gramadach

Éadaí álainne "Éadaí" is plural so the adjective (álainn) also has to be plural (áille).
Iarrann an t-agallóir ar na déagóirí iarr + ar
Ar an agallóir As it’s masculine, it’s "an t-agallóir" (urú) but because it’s now a preposition (ar an), you must drop the urú (an t-agallóir = ar an agallóir)

Foclóir A-Z

  • Agallamh 
    (interview)

  • An t-agallóir
    (the interviewer)

  • Micreafón
    (microphone)

  • Lárionad siopadóireachta
    (shopping centre)

  • Crua earraí
    (hardware)

  • Tuairim
    (opinion)

  • Brú
    (pressure)

  • Saol sóisialta
    (social life)

  • Éadaí brandáilte
    (branded clothing)

  • Ábhar conspóideach
    (controversial issue)

'ing'

  • Ag taifeadadh
    (recording)

  • Ag tógáil sosa
    (taking a break)

  • Ag caitheamh amach
    (throwing out)

An Bhéaltriail

  • 1

    An raibh tú riamh ar an teilifís?
    (Were you ever on television?)

  • 2

    Cad é do mheas ar TG4?
    (What are your thoughts on TG4?)

  • 3

    Cad í an fhadhb is mó ag cur isteach ar dhaoine óga, dar leat?
    (What is the biggest problem that young people face, in your opinion?)

Want more tips from a state examiner for the béaltriail? Click the button below to listen to our podcast.

Related subjects & topics
Explore similar posts in our community