Notes

Notes on Sraith Pictiúr 17: Ag Campáil Cois Farraige

Start preparing for your oral exam with our H1 sraith pictiúr notes. 

Notes

Read and listen to our notes on Sraith Pictiúr 'Ag Campáil Cois Farraige' below:

Listen Here

/

Pictiúr 1

I bpictiúr a haon, lá deireanach na hArdteiste atá ann: an dara lá is fiche de mhí an Mheithimh.

In picture 1, it's the 22nd of June: the last day of the Leaving Cert.

Tá beirt bhuachaill, Eamon agus Brían, díreach tar éis na scrúdaithe a chríochnú agus fiafraíonn siad an bhfuil cead acú dul ag campáil cois trá i Loch Garman don deireadh seachtaine.

Two boys, Eamon and Brian, have just finished the exams and they ask if they are allowed to go camping by the beach in Wexford for the weekend.

Measann Mamaí gur smaoineamh maith é seo agus go ndéanfadh sé maitheas dóibh dearmad a dhéanamh ar ualach na hArdteiste. Ní feidir a shéanadh go bhfuil briseadh tuillte acu!

Mammy thinks this is a good idea and that it would do them good to forget about the burden of the Leaving Cert. You can’t deny that they deserve a break!

Pictiúr 2

Sroicheann na buachaillí a gceann scríbe roimh mheánlae. Tá an t-ionad campála bunaithe ag suíomh an-áisiúil agus tá radharc álainn ag an mbeirt. Is féidir leo báid seoil a fheiceáil san fharraige.

The boys reach their destination before midday. The camping site is based in a very convenient location and the pair have a lovely view. They can see sailing boats in the sea.

Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch fad is a tá na buachaillí ag socrú an phubaill. Tá siad lán sásta leis toisc go bhfuil sé an-chompórdach.

The sun is splitting the rocks while the boys set up the tent. They are pleased with it as it is very comfortable.

Tá an bheirt ag baint taitnimh as an tsaoirse tar éis an staidéir ar fad, is faoiseamh mór é!

The two are enjoying the freedom after all the studying, it’s a great relief!

Pictiúr 3

I bpictiúr a trí, tá Eamon agus Brían ag griandathú cois trá. Tá siad ag tapú deise mar is annamh a bhíonn lá chomh deas sin againn sa tír seo!

In picture 3, Eamon and Brian are tanning on the beach. They are taking advantage of the opportunity because it is rare that we get such a nice day in this country.

I bhfaiteadh na súl, tagann seal fearthainne, agus ritheann an bheirt i dtreo an phubaill.

In the blink of an eye, a rain shower appears and the two run towards the tent.

Usáideann Brían a tuáille chun an leabhar a bhí á léamh aige a chosaint ón mbáisteach.

Brian uses his towel to protect the book he had been reading from the rain.

Pictiúr 4

Faraor, nuair a shroicheann na buachaillí an puball, tá sé leagtha ag an ngaoth. Tuigeann siad anois an seanfhocal “ní bhíonn in aon rud ach seal”.

Unfortunately, when the boys reach the tent, the wind has knocked it down. Now they understand the saying "everything is temporary".

Tá scamaill dhubha ag bagairt ós a gcionn agus tá crann ag lúbadh de dheasca na gaoithe.

There are black clouds threatening above and a tree is bending because of the wind.

Tá na buachaillí i gcruachás ceart agus fliuch go craiceann freisin.

The boys are in a bad situation and soaking wet too.

Pictiúr 5

Níl rogha eile acu ach glao a chur ar a dtuistí. Insíonn Eamon an scéal dá athair.

They have no other choice but to call their parents. Eamon tells the story to his father.

Tá athair Éamoin an-chabhrach. Deir sé leo go bhfuil óstán deas in aice láimhe agus go bhfuil aithne aige ar an mbainisteoir.

Eamon's Dad is very helpful. He tells them that there is a nice hotel at hand and that he knows the manager.

Buíochas le Dia, tá áit acu le fanacht anois. Cuireann Daid glao ar a chara agus cuireann sé seomra in áireamh dóibh. Tá díomá orthu faoin gcampáil ach tá an t-ádh leo faoin óstán.

Thank God they have a place to stay now. Dad calls his friend and reserves a room for them. They are disappointed about the camping but lucky to have the hotel.

Pictiúr 6

Sa phictiúr deireanach, tá an bheirt suite chun boird in Óstán na Faille. Tá béile te á ithe acu agus tá siad tirim anois.

In the last picture, the two are sitting at a table in Óstán na Faille. They are eating a hot meal and they are dry now.

Tá meangadh gáire orthu, agus tagann an seanfhocal "is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin" chun cuimhne.

They’re both smiling and the saying "it’s an ill wind that blows no good" comes to mind.

Murach an stoirm, ní bheadh siad ag fanacht in óstán sofaisticiúil! Is cinnte nach ndéanfadh siad dearmad ar an turas seo go deo.

Without the storm, they wouldn’t be staying in a sophisticated hotel. It is certain that they won’t ever forget this trip.

Ceisteanna

  • 1

    Cén dáta atá ann i bpictiúir a haon?
    (What date is it in picture 1?)

  • 2

    Cad atá á dhéanamh ag na buachaillí i bpictiúr a trí?
    (What are the boys doing in picture 3?)

  • 3

    Cad a tharla don phuball i bpictiúr a ceathair?
    (What happened to the tent in picture 4?)

Gramadach

Ualach na hArdteiste Tuiseal Ginideach (an Ardteist = na hArdteiste)
Seal fearthainne Tuiseal Ginideach (an fearthainn = seal fearthainne)
A gceann scríbe Aidiacht shealbhach = a gceann (plural)
An t-ionad campála urú (t) on the 'ionad' because it's masculine

Foclóir A-Z

  • Féilire
    (calendar)

  • Fiafraigh
    (ask)

  • Ualach
    (burden)

  • Puball
    (tent)

  • Báid seoil
    (yachts)

  • Annamh
    (rare)

  • Seal fhearthainne
    (rain shower)

  • Ag lúbadh
    (bending)

'ing'

  • Ag griandathú
    (tanning/sun-bathing)

  • Ag bagairt
    (threatening)

  • Ag tapú deise
    (taking advantage)

An Bhéaltriail

  • 1

    An ndeachaigh tú ag campáil riamh?
    (Have you ever been camping?)

  • 2

    An bhfuil tú ag déanamh aon rud tar éis na hArdteiste?
    (Are you doing anything after the Leaving Cert?)

  • 3

    Conas a ligeann tú do scíth?
    (What do you do to relax?)

Want more tips from a state examiner for the béaltriail? Click the button below to listen to our podcast.

Related subjects & topics
Explore similar posts in our community