Notes

Notes on Sraith Pictiúr 19: An Fhoireann ag Cruthú go hIontach

Start preparing for your oral exam with our H1 sraith pictiúr notes. 

Notes

Read and listen to our notes on Sraith Pictiúr 'An Fhoireann ag Cruthú go hIontach' below:

Listen Here

/

Pictiúr 1

I bpictiúr a haon, feicimid beirt scoláire, Seán agus Pádraig, lasmuigh de Choláiste Eoin. Mí Mheán Fómhair atá ann.

In picture 1, we see two students, Seán and Pádraig, outside of Coláiste Eoin. It’s September.

Tá fógra á chrochadh ar an mballa ag rá go bfhuil imreoirí nua á lorg ag an bhfoireann iomána don tsraith iomána atá ag teacht suas.

There is a notice hanging on the wall saying that the hurling team are looking for new players for the hurling league that’s coming up.

Deir Seán go bhféadfadh sé a bheith spéisiúil agus ba cheart triail a bhaint as. Aontaíonn Pádraig leis agus deir sé go labhróidh sé leis an Uasal Ó Murchú, traenálaí na fóirne iomána.

Seán says it could be interesting and that they should try it out. Pádraig agrees and says that he’ll speak with Mr Murphy, the hurling team’s trainer.

Pictiúr 2

Sa phictiúr seo, cinntíonn Seán le Pádraig go bhfuil spéis aige imirt leis an bhfoireann iomána. Deir Pádraig go bhfuil agus go mbainfidh siad triail as ar aon nós.

In this picture, Seán confirms with Pádraig that he has an interest in playing with the hurling team. Pádraig says he does and that they’ll give it a go anyway.

Téann siad go dtí oifig an Uasail Ó Múrchú chun ceisteanna a chur air faoi cad a bheidh i gceist leis an bhfoireann iomána.

They go to Mr Murphy’s office to ask him questions about what will be involved.

Cuireann Pádraig ceist air cén t-am a bhíonn an traenáil ar siúl agus freagraíonn an tUasal Ó Murchú go mbíonn sé ar siúl dhá lá in aghaidh na seachtaine tar éis scoile.

Pádraig asks him what time training is on and he answers that it’s on every second day after school.

Pictiúr 3

I bpictiúr a trí, tá an traenáil iomána faoi lán seoil ag an Uasal Ó Murchú agus feictear na buachaillí i mbun traenála.

In picture 3, the hurling training is in full swing by Mr Murphy and we see the boys training away.

I bhfaiteadh na súl, mí Aibreáin atá ann agus feictear na buachaillí in oifig an Uasail Ó Murchú.

In no time at all, it’s April and we see the boys in Mr Murphy’s office.

Deir sé go bhfuil bliain iontach curtha síos agus an-obair déanta acu i leith na hiománaíochta. Tá siad sá chraobh anois!

He says they have had a great year and have done great work in terms of hurling. They’re now in the final!

Pictiúr 4

Cuirtear fógraí suas ar fud na scoile ag rá go mbeidh busanna don chraobh ag imeacht ag a dó a chlog.

Notices are put up all over the school saying that buses to the final will be leaving at 2 o'clock.

Iarrtar ar na daltaí dul ann agus tacú leis an bhfoireann.

The students are asked to go and support the team.

Imeacht iontach a bheidh ann gan dabht.

It will be a great event, without a doubt.

Pictiúr 5

I bpictiúr a cúig, feicimid an cluiche iomána ag lán-ama.

In picture 5, we see the hurling match at full time.

Fuair Coláiste Eoin an lámh in uachtar ar Choláiste Phádraig agus bhuaigh siad an cluiche.

Coláiste Eoin got the upper hand of Coláiste Pádraig and they won the game.

An scór deireanach a bhí ann ná 2-8 go Coláiste Eoin agus 2-6 go Coláiste Phádraig. Cluiche theann a bhí ann.

The final score was 2-8 to Coláiste Eoin and 2-6 to Coláiste Phádraig. It was a tight game.

Feicimid an corn i lámh Phádraig. Tá lucháir an domhain ar an bhfoireann agus ar a lucht tacaíochta.

We see the trophy in Pádraig's hand. The team and their supporters are overjoyed.

Pictiúr 6

Sa phictiúr deireanach, tá an fhoireann iomána, an tUasal Ó Murchú agus príomhoide na scoile go léir bailithe os cómhair na scoile.

In the last picture, the hurling team, Mr Murphy and the principal are all gathered in front of the school.

Deir an príomhoide go bhfuil éacht iontach bainte amach acu. Molann sé go hárd sa spéir iad agus geallann sé go mbeidh cóisir mhór ar siúl dóibh go luath.

The principal says that it’s a great achievement. He highly commends them and promises that there will be a big party for them soon.

Déanann sé comhghairdeas leis an bhfoireann agus leis an Uasal Ó Murchú as ucht a gcuid oibre.

He congratulates the team and Mr Murphy on their hard work.

Ceisteanna

  • 1

    Cén mhí atá ann i bpictiúr a haon?
    (What month is it in picture 1?)

  • 2

    Déan cur síos ar mhothúcháin na mbuachaillí i bpictiúr a cúig.
    (Describe the boys’ emotions in picture 5.)

  • 3

    Cad atá i lámh Phádraig i bpictiúr a cúig?
    (What is in Pádraig’s hands in picture 5?)

Gramadach

Traenálaí na fóirne iomána Tuiseal Ginideach (an fhoireann = na fóirne)
Oifig an Uasail Ó Murchú Tuiseal Ginideach (an tUasal = an Uasail)
Déanann sé comhghairdeas leis déan + comhghairdeas + le

Cóisir mhór

séimhiú (h) on 'mór' because 'cóisir' (the noun) is feminine

Foclóir A-Z

  • Sraith iomána
    (hurling league)

  • Traenálaí
    (trainer)

  • Craobh
    (final)

  • Imeacht
    (event)

  • Lán ama
    (full time)

  • An lámh in uachtar
    (the upper hand)

  • Corn
    (trophy/cup)

  • Lucht tacaíochta
    (support group)

  • Éacht
    (achievement)

  • Cóisir
    (party)

'ing'

  • Ag imeacht
    (leaving)

  • Á chrochadh
    (hanging)

  • Ag lorg
    (looking/searching for)

An Bhéaltriail

  • 1

    An imríonn tú sport?
    Do you play sports?

  • 2

    An raibh d’fhoireann riamh i gcraobh?
    Was your team ever in a final?

  • 3

    An bhfuil tábhacht le spórt ar scoil, meas tú?
    Is sport in school important, do you think?

Want more tips from a state examiner for the béaltriail? Click the button below to listen to our podcast.

Related subjects & topics
Explore similar posts in our community