Notes

Notes on Sraith Pictiúr 4: Mo Cheol Thú! Mo Cheol Sibh

Start preparing for your oral exam with our H1 sraith pictiúr notes. 

Notes

Read and listen to our notes on Sraith Pictiúr 'Mo Cheol Thú! Mo Cheol Sibh' below:

Listen Here

/

Pictiúr 1

I bpictiúr a haon, feicimid fógra crochta ar an mballa sa halla i gColáiste Phádraig.
In picture 1, we see a notice hanging on the wall in the hall in Coláiste Phádraig.

Dar leis an bhfógra, beidh an grúpa traidisiúnta ag cleachtadh ag am lóin agus tar éis scoile gach Luan agus Céadaoin, más mian le héinne dul ann.
According to the notice, the trad group will be practising at lunchtime and after school every Monday and Wednesday, if anyone wants to go along.

Pictiúr 2

Sa phictiúr seo, feicimid an cleachtadh ceoil faoi lán seoil tar éis scoile. Tá sé cúig a chlog sa tráthnóna.
In this picture, we see the music practice in full swing after school. It’s five o'clock in the evening.

Tá fuaimeanna áille ag teacht ón ngrúpa agus iad ag seimn amhráin thraidisiúnta.
Lovely sounds are coming from the group as they play a traditional song.

Tá Síle agus Seán ar na fidleacha, tá Maidhc ar an bhfliúit, tá Máire ag seinm na feadóige agus tá an tUasal Ó Conaill á stiúradh.
Síle and Seán are on the fiddle, Maidhc is on the flute, Máire is playing the tin whistle and Mr. O'Connell is conducting.

Pictiúr 3

I bpictiúr a trí feicimid Síle ag seinm na fidle léi féin sa bhaile. Tá sí ag cleachtadh mar tá port nua le foghlaim aici don lá dár gcionn.
In picture 3, we see Síle playing the fiddle by herself at home. She’s practising regularly because she has a new tune to learn for tomorrow.

Is léir gur cailín diongbháilte í, a bhfuil féith an cheoil inti.
It’s clear she’s a determined girl, who has a talent for music.

Pictiúr 4

Sa chéad leath den phictiúr seo, tá an grúpa traidisiúnta ag Fleadh an Chontae. Seinneann siad go beomhar agus baineann an lucht éisteachta an-taitneamh as.
In the first half of this picture, the trad group is at the County Fleadh. The play is lively and the crowd enjoys it.

Fógraíonn an moltóir go raibh ceithre ghrúpa thraidisiúnta san áireamh, go raibh siad go léir ar fheabhas agus go raibh obair mhór déanta acu go léir ach gurb é an buaiteoir ná Coláiste Phádraig.
The judge announces that there are 4 trad groups in question, that they are all brilliant and that they all put in a lot of work but the winner is Coláiste Phádraig.

Ansin, tá siad ag Fleadh an Chúige. Léann an moltóir amach torthaí an chomórtais. Tá sé buaite arís ag Coláiste Phádraig, is grúpa féithiúil iad gan aon amhras!
Then, they’re at the Provincial Fleadh. The judge reads out the results of the competition. Coláiste Phádraig has won again, they’re a gifted group without any doubt!

Pictiúr 5

Faoi dheireadh, sroicheann an grúpa traidisiúnta Fleadh Cheoil na hÉireann i Leitir Ceanainn. Tá an áit dubh le daoine agus tá ceol le chloisteáil i ngach áit.
Finally, the trad group reaches Fleá Cheoil na hÉireann in Letterkenny. The place is packed with people and music can be heard everywhere.

Sa dara leath, tá ceolchoirm na mbuaiteoirí faoi lán seoil agus is léir go bhfuil an Fhleadh buaite ag an ngrúpa traidisiúnta ó Choláiste Phádraig. Tá lúcháir an domhain orthu agus bíonn spórt agus spraoi iontach acu an oíche sin.
In the second half, the winner’s concert is in full swing and it’s clear that the trad group from Coláiste Phádraig won the Fleá. They are overjoyed and they have great fun that evening.

Oíche lán le craic agus ceol atá ann, ní call a rá!
It’s a night full of craic and music, it goes without saying!

Pictiúr 6

Sa phictiúr deireanach, tá an grúpa ar ais sa bhaile i halla na scoile. Feicimid an grúpa go léir thuas ar an stáitse lena gcuid uirlisí ceoil.
In the last picture, the group is back home in the school hall. We see the whole group up on the stage with their musical instruments.

Tá príomhoide na scoile ann freisin, i mbun óráide.
The school principal is there too, making a speech.

Deir sé gur bua stairiúil atá ann don scoil. Molann sé agus gabhann sé buíochas leis an ngrúpa as ucht a gcuid oibre agus comhoibrithe agus gan tuilleadh moille, ligeann sé dóibh seinm do phobal na scoile.
He says it’s a historic win for the school. He praises and thanks the group for their hard work and cooperation and without further ado, he lets them play for the school.

Tugann siad bualadh bos mór dóibh agus bíonn oíche iontach acu.
They give them a huge applause and they have a great night.

Ceisteanna

  • 1

    Cén uirlis cheoil atá á seinm ag Síle i bpictiúr a trí?
    (What musical instrument is Síle playing in picture 3?)

  • 2

    Cá bhfuil an grúpa i bpictiúr a cúig?
    (Where is the group in picture 5?)

  • 3

    Cén t-am a bhfuil an ceiliúradh sa scoil ar siúl?
    (What time is the celebration at the school?)

Gramadach

Ag seinm na feadóige

Tuiseal Ginideach after infinitive verb (ag +). Feadóg = feadóige

Lena gcuid uirlisí cheoil 

Leis + a (their) + urú

Ó Choláiste Phádraig

Ó + séimhiú (h)

I mbun óráide
(in the middle of a speech)

Tuiseal Ginideach...complex preposition (oráid = oráide)

Foclóir A-Z

  • Cleachtach
    (practice)

  • Fuaimeanna
    (noises)

  • Port
    (tune)

  • Féith
    (talent)

  • Diongbháilte
    (determined)

  • Stáitse
    (stage)

  • Fliúit
    (flute)

  • Feadóg (stáin)
    ((tin) whistle)

  • Dubh le daoine
    (black with people/packed)

  • Óráid
    (speech)

'ing'

  • Ag stiúradh
    (conducting/directing)

  • Ag seinm
    (playing)

  • Ag cleachtadh
    (rehearsing/practising)

An Bhéaltriail

  • 1

    An seinm tú ceol?
    (Do you play music?)

  • 2

    Cad a sheinm tú?
    (What do you play?)

  • 3

    Cad é an seánra ceoil is fearr leat?
    (What is your favourite genre of music?)

  • 4

    An raibh tú riamh ag an bhFleá Cheoil?
    (Were you ever at the Fleá Cheoil?)

Want more tips from a state examiner for the béaltriail? Click the button below to listen to our podcast.

Related subjects & topics
Explore similar posts in our community