Notes

Notes on Sraith Pictiúr 5: Lá Spraoi san Ardchathair

Start preparing for your oral exam with our H1 sraith pictiúr notes. 

Notes

Read and listen to our notes on Sraith Pictiúr 'Lá Spraoi san Ardchathair' below:

Listen Here

/

Pictiúr 1

I bpictiúr a haon, feicimid Ciara agus a máthair ag aerfort Bhaile Átha Cliath.
In picture 1, we see Ciara and her mother at Dublin airport.

Cuireann siad fáilte roimh Sofia, cara pinn Chiara ón Spáinn nuair a thagann sí isteach óna heitilt.
They welcome Sofia, Ciara’s pen pal from Spain as she arrives from her plane.

Beidh sí ag fanacht leis an gclann ar feadh seachtaine agus deir Ciara léi gurb é an chéad rud ar an sceideal acu don tseachtain ná turas go dtí an chathair an lá arna mhárach.
She’ll be staying with the family for a week and Ciara tells her that the first thing on their schedule for the week is a trip to the city tomorrow.

Pictiúr 2

Sa phictiúr seo, feicimid Ciara agus Sofia ar thuras bus, ag dul timpeall chathair Bhaile Átha Cliath.
In this picture, we see Ciara and Sofia on a tour bus, going around Dublin City.

Téann siad i dtreo Shráid Uí Chonaill agus feiceann siad na radhairc spéisiúla go léir atá ann, mar shampla, an Túr Solais.
They go in the direction of O'Connell Street and they see all the interesting sights that are there, for example, the Spire.

Baineann Sofia an-taitneamh as an turas, níl a leithéid feicthe aici riamh.
Sofia really enjoys the tour, she hasn’t seen anything like it before.

Pictiúr 3

Ina dhiadh sin, téann na cailíní chuig Coláiste na Trionóide chun Leabhar Cheanannais a fheiscint, chomh maith leis an leabharlann fhada shuntasach atá ann.
After that, the girls go to Trinity College to see the Book of Kells, as well as the long impressive library there.

Beartaíonn siad rud éigin a ithe sa bhialann ann freisin mar go bhfuil ocras mór orthu tar éis breathnú ar na hiontais go léir.
They decide to eat something in the restaurant there too because they are really hungry after all the sightseeing.

Tá an áit plódaithe le turasóirí agus scoláirí.
The place is packed with tourists and students.

Pictiúr 4

I bpictiúr a ceathair, feicimid gach gníomhacht eile a dtugann na cailíní fúthu.
In the fourth picture, we see all the activities the girls are undertaking.

Téann siad go dtí Músaem Pháirc an Chrócaigh chun ár spóirt náisiúnta, thraidisiúnta a thaispeáint agus a mhíniú do Sofia.
They go to the Croke Park Museum to see, show and explain our national and traditional sport to Sofia.

Freisin, téann siad go dtí Staid Aviva, Gairdín na nAinmhithe agus roinnt de na séipéil is cáiliúla agus áille in Éirinn, cosúil le hArdeaglais Naomh Pádraig.
As well as that, they go to the Aviva Stadium, Dublin Zoo and some of the most famous and beautiful churches in Ireland, like St. Patrick’s Cathedral.

Tá Sofia ag fáil turas ceart, fairsing, ní call a rá!
Sofia is getting a proper, extensive tour, it goes without saying!

Pictiúr 5

Sa chuigiú pictiúr, téann na cailíní go dtí Sráid Ghrafton chun píosa siopadóireachta a dheánamh.
In the fifth picture, the girls go to Grafton Street to do a bit of shopping.

Nuair atá roinnt éadaí ceannaithe acu, beartaíonn siad rud éigin a ithe i mbialann 'Burkes'. Tá biachlár i lámh Sofia agus tá spéis aici i mbéilí traidisiúnta na hÉireann.
After buying a few clothes, they decide to eat something in Burke’s restaurant. There’s a menu in Sofia’s hand and she’s interested in the traditional Irish meals.

Baineann siad sult as an mbéile agus as an atmaisféar breá ar Shráid Ghrafton.
They enjoy the meal and the great atmosphere on Grafton Street.

Pictiúr 6

Faoi dheireadh, tugann Ciara Sofia chuig Amharclann na Mainistreach ag a hocht a chlog chun an dráma "The Field" le John B. Keane a fheiscint.
Finally, Ciara takes Sofia to the Abbey Theatre to see the play "The Field" by John B. Keane.

Faigheann Sofia léargas ar shaol traidisiúnta in Éirinn fadó, gan amhras.
Sofia will get an insight into traditional life in Ireland long ago, without a doubt.

Ceapann Sofia gur dráma an-spéisiúil atá ann agus ar deireadh thiar thall bíonn lá thar bharr aici. Ní dhéanfaidh sí dearmad ar an eachtra seo in Éirinn riamh.
Sofia thinks that it was a very interesting drama and all in all she had a great day. She won’t ever forget this experience in Ireland.

Ceisteanna

  • 1

    Cad as do Sofia?
    (Where is Sofia from?)

  • 2

    Luaigh áit amháin ar thug na cailíní cuairt uirthi.
    (Name one place that the girls visited.)

  • 3

    Cén t-am a dtosaíonn “The Field”?
    (What time does “The Field” start?)

Gramadach

Ar feadh seachtaine

Tuiseal Ginideach, ar feadh (complex preposition) + seachtain = seachtaine

Timpeall na cathrach 

Tuiseal Ginideach, timpeall (complex preposition) + cathair = cathrach

Leabharlann fhada shuntasach

Leabharlann = baininscneach (feminine), therefore 'h' on every adjective

Béilithe traidisiúnta Éireannacha 

Béilithe = plural, therefore every adjective must also be plural (accordance)

Foclóir A-Z

  • Cara pinn
    (penpal)

  • Eitilt
    (flight)

  • Sceideal
    (schedule)

  • Turas bus
    (bus tour)

  • An Túr Solais
    (The Spire)

  • Ag breathnú ar na hiontais
    (sight-seeing)

  • Suntasach
    (impressive)

  • Plódaithe
    (packed/full)

  • Séipéil
    (churches)

  • Biachlár
    (menu)

'ing'

  • Ag cur fáilte roimh
    (welcoming)

  • Ag dul timpeall
    (going around)

  • Ag fáil
    (getting)

An Bhéaltriail

  • 1

    An raibh peannchara agat riamh?
    (Did you ever have a pen pal?)

  • 2

    Cad as dó/di?
    (Where are they from?)

  • 3

    An ndeachaigh tú riamh thar lear?
    (Have you ever gone abroad?)

Want more tips from a state examiner for the béaltriail? Click the button below to listen to our podcast.

Related subjects & topics
Explore similar posts in our community