Notes

Notes on Sraith Pictiúr 7: Na Déagóirí Cróga

Start preparing for your oral exam with our H1 sraith pictiúr notes.

Notes

Read and listen to our notes on Sraith Pictiúr 'Na Déagóirí Cróga' below:

Listen Here

/

Pictiúr 1

Sa chéad phictiúr, feictear Seán ina chodladh go sámh.
In the first picture, Seán is seen peacefully asleep.

Tá sé beag beann ar an drochaimsir lasmuigh, atá le feiceáil tríd an bhfuinneog.
He is oblivious to the rain shower outside, which can be seen through the window.

Tá an tsráid tréigthe and lá na lacha atá ann, gan aon agó.
The street is deserted and it is a day for the ducks, without a doubt. 

Pictiúr 2

Is léir go ndeachaigh cursaí aimsire in olcas i rith na hoíche mar nuair a dhúisíonn Seán bocht, tá ciseal uisce ag clúdach an úrláir.
It is clear that the weather worsened during the night because when poor Seán wakes up, there is a layer of water covering the floor.

Tá leibhéal an uisce ag ardú agus baintear stangadh as Seán. Níl a fhios aige cad ba chóir dó a dhéanamh.
The water level is rising and Sean gets a shock. He doesn’t know what to do.

Tá cosa Sheáin agus cosa na cathaoireach faoi cheilt ag an uisce. Tá éadaí chodladh Sheáin fluich báite.
You can see that Seán’s feet and the chair’s legs are hidden by the water. Seán’s pyjamas are drenched.

Pictiúr 3

Déanann Seán tréan-iarracht éalú ón teach ach tá an doras tosaigh greamaithe de dheasca an uisce.
Seán makes a big effort to escape the house but the front door is stuck due to the water.

Claonann Seán amach leac na fuinneoige agus tosaíonn sé ag béicíl in árd a chinns a ghutha. Tá sé ag iarraidh airde a tharraingt ar fhéin.
Seán leans out of the windowsill and starts to shout at the top of his voice. He is trying to bring attention to himself.

Tá an t-ádh leis mar cloiseann beirt dhéagóir é ag screadaíl. Tá said suite ar bhalla os comhair teach Sheáin.
He is lucky because two teenagers hear him shouting. They are sitting on a wall in front of Seán’s house.

Pictiúr 4

Cruinníonn an bheirt a misneach agus coileann siad tríd an uisce i dtreo Sheáin.
The pair gather their courage and they tread through the water towards Seán.

Chomh luath is a shroicheann siad Seán, cuireann an cailín, Caitríona, fios ar na seirbhísí éigeandála. Tá sí ullmhaithe leis an seoladh baile.
As soon as they reach Seán, the girl, Caitríona, calls the emergency services. She is ready with the address.

Déanann an buachaill, Daire, Seán a choimead ar a shuaimhneas. "Fanfaimid leat", deir sé, "ná bí buartha". Tá Seán an-bhuíoch as an gcomhluadar agus as an gcabhair.
The boy, Daire, keeps Seán calm. "We’ll stay with you", he says, "don’t worry". Seán is very thankful for the company and for the help.

Pictiúr 5

Gan mhoill, tagann lucht an dóiteáin chun cabhair a thabhairt. Déanann siad tarrtháil tapa ar Sheán agus éalaíonn sé tríd an bhfuinneog le beagáinín cúnaimh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, mar a deir an seanfhocal!
Before long, the firemen arrive to help. They save Seán quickly and he escapes through the window with a bit of assistance. No man is an island, as they say!

Tá feistisí uisce-dhíonach ar an lucht éigeandála ach tá Seán, Daire agus Caitríona fluich go craiceann agus préachta leis an bhfuacht.
The emergency unit are wearing water-proof clothing but Seán, Daire and Caitríona are soaked and frozen by the cold.

Tá leibhéal an uisce fós ag dul in airde. Is í an tuile is measa a tharla i mbaile Sheáin le blianta beaga anuas.
The water level is still rising. It is the worst flood to happen in Seán’s town in recent years.

Pictiúr 6

I bhfaiteadh na súl, tá Seán slán sábháilte agus ar ais sa leaba. Faraor, ní mór dó oíche a chaitheamh san ospidéal ach tá súil aige go dtiocfadh biseach air go luath.
In the blink of an eye, Seán is safe and sound and back in bed. Unfortunately, he has to spend a night in hospital but he is hoping to recover soon.

Fanann Caitríona agus Daire i dteannta Sheáin an t-am ar fad. Tá faoiseamh orthu go bhfuil sé go breá. Tá meangadh gáire orthu uilig.
Caitríona and Daire stay with Seán the whole time. They are relieved that he is okay. They are all smiling.

Gabhann Seán míle buíochas leo agus measann sé gur déagóirí rí-chróga iad. Tá náire orthu agus geallann siad nách raibh fadhb ar bith ag baint leis.
Seán thanks them and thinks that they are very brave teenagers. They are embarrassed and promise him that it was not a problem.

Ceisteanna

  • 1

    Conas atá an aimsir sa chéad phictiúr?
    (How is the weather in the first picture?)

  • 2

    Cad atá á chaitheamh ag na déagóirí?
    (What are the teenagers wearing?)

  • 3

    Cá bhfuil Seán i bpictiúr a sé?
    (Where is Seán in picture 6?)

Gramadach

Cursaí aimsire

Tuiseal Ginideach (an aimsir = cursaí aimsire)

Suite ar bhalla 

séimhiú (h) on 'balla' because it follows ‘ar’ (ar + h)

An bheirt 

séimhiú (h) on the 'beirt' because 'beirt' is feminine

Foclóir A-Z

  • Beag beann
    (oblivious)

  • Tréigthe
    (deserted)

  • Ciseal
    (layer)

  • Stangadh
    (shock)

  • Claon
    (to lean)

  • Misneach
    (courage)

  • Seirbhísí éigeandála
    (emergency services)

  • Tuile
    (flood)

  • Uisce-dhíonach
    (water-proof)

'ing'

  • Ag béicíl
    (shouting)

  • Ag suí
    (sitting)

  • Ag iarraidh
    (trying)

An Bhéaltriail

  • An bhfuil seandaoine leochaileach na laehanta seo?
    (Are old people vulnerable these days?)

  • An fadhb mhór í athrú aeráide?
    (Is climate change a big problem?)

  • An bhfuil droch-ainm ag déagóirí sa tsochaí?
    (Do teenagers have a bad reputation in society?)

Want more tips from a state examiner for the béaltriail? Click the button below to listen to our podcast.

Related subjects & topics
Explore similar posts in our community