Notes

Notes on Sraith Pictiúr 8: Comhoibriú an Phobail

Start preparing for your oral exam with our H1 sraith pictiúr notes.

Notes

Read and listen to our notes on Sraith Pictiúr 'Comhoibriú an Phobail' below:

Listen Here

/

Pictiúr 1

I bpictiúr a haon, feicimid beirt chailín i dteannta a chéile ar shráid truallaithe.
In picture 1, we see 2 girls standing together on a polluted street.

Tá an áit bun ós cionn; tá na boscaí bruscair ag cur thar maoil agus tá bruscar caite ar fud na háite.
The place is a mess; the bins are overflowing and litter is thrown everywhere.

Deir Máire go bhfuil cuma dhéistineach ar an sráid agus aontaíonn Siobhán lei. Caithfear feabhas a chur ar chuma na háite gan dabht.
Máire says that the street looks disgusting and Siobhán agrees with her. The look of the place needs to be improved without a doubt.

Pictiúr 2

An lá dár gcionn, eagraíonn Máire cruinniú chomhairle an phobail chun an fhadhb a phlé.
The next day, Máire organises a meeting with the council to discuss the problem.

Cuireann sí béim ar thábhacht na timpeallachta agus na dualgais atá acu mar shaoránaigh. Eagraíonn siad glantachán poiblí don deireadh seachtaine.
She emphasises the importance of the environment and the responsibility that they have as citizens. They organise a public clean-up for the weekend.

Fadhb eile a thagann chun solais ná saol sóisialta an bhaile. Tá easpa acmhainní ina cnámh spairne.
Another problem that comes to light is the social life in the town. The lack of resources is a bone of contention.

Pictiúr 3

I bpictiúr a trí, feicimid an glantachán faoi lán seoil. Tá cuma i bhfad Éireann níos fearr ar an áit ina dhiaidh.
In picture 3, we see the clean-up underway. The place looks a lot better afterwards.

Bailíonn na hoibrithe deonacha an bruscar ar fad i málaí móra dubha. Tá bibeanna lonracha orthu.
The volunteers collect all of the rubbish in big black bags. They have high-visibility vests on.

Ba bheag nách raibh muintir na háite in ann an tsráid a aithint! Mar a deir an seanfhocal, ní neart go cur le chéile.
The people almost didn’t recognise the place! As the saying goes, many hands make light work.

Pictiúr 4

Chomh maith leis an nglantachán, cuirtear béim ar thimpeallacht sóisialta an bhaile.
As well as the clean-up, an emphasis is put on the social environment of the town.

Gach Luan cuirtear ceolchoirm bheag ar siúl i gcomhair seanóirí an bhaile mar shiamsaíocht. Glacann amhránaí páirt ann go deonach. Baineann an lucht féachana an-sult as.
Every Monday a small concert is put on for the elderly people in town as entertainment. Musicians take part voluntarily. The audience really enjoys it.

Uair in aghaidh na míosa bíonn cruinniú maidir le "Pobal ar Aire". Labhraíonn Garda faoi na fadhbanna sa cheantar agus bíonn deis ag an bpobal ceisteanna a chur. Bíonn slua mhór ann de shíor.
Once a month there is a meeting regarding the new "Neighbourhood Watch" system. A garda brings up any issues in the area and the public is given a chance to ask questions. There is always a large crowd there. 

Pictiúr 5

I bpictiúr a cúig, feicimid roinnt ranganna oíche éagsúla a reachtálann halla an phobail.
In picture 5, we see some night classes which the town hall organises.

Bíonn ranganna cócaireachta, ranganna ríomhaireachta agus fiú ranganna garraíodóireachta ar siúl. Is áis iontach í.
There are cooking classes, computer classes and even gardening classes. It’s an excellent facility.

Is léir go bhfuil éileamh ar na ranganna seo mar freastalaíonn idir fhir agus mhná orthú.
It’s clear that there is demand for these classes as both men and women attend them.

Ag deireadh an lae, is maith le daoine a scíth a ligint agus scileanna nua a fhoghlaim chomh maith le cairde nua a dhéanamh.
At the end of the day, people enjoy relaxing and learning new skills as well as making new friends.

Pictiúr 6

Sa phictiúr deireanach, bronntar seic ar luach dhá mhíle cúig chéad euro ar an mbaile as ucht an dul chun cinn atá déanta acu le déanaí.
In the last picture, the town is awarded a cheque to the value of two thousand and five hundred euros for their recent improvement.

Is mór an onóir é seo agus is cinnte go bhfuil a rath tuillte acu. Freisin bronntar corn orthu leis an inscríbhínn "an baile beag is mó feabhas" air.
This is a great honour and it is certain that they have earned their success. They are also awarded with a trophy with the inscription "most improved small town" on it.

Déanann na heagrathóirí comhghairdeas leo agus molann siad dóibh leanacht ar aghaidh lena a gcuid oibre. Tús maith leath na hoibre!
The organisers congratulate them and advise them to keep up the good work. A good start is half the work!

Ceisteanna

  • 1

    Cén saghas cuma atá ar an mbaile i bpictiúr a haon?
    (What sort of appearance does the town have in picture 1?)

  • 2

    Cén saghas ranganna oíche a chuirtear ar siúl?
    (What type of night classes are run?)

  • 3

    Cé mhéid airgid a bronnadh orthu?
    (How much money were they awarded?)

Gramadach

Cnámh spairne

Tuiseal Ginideach (spairn = cnámh spairne)

Málaí móra dubha

uimhir iolra (mála mór dubh = málaí móra dúbha)

In aghaidh na míosa 

Tuiseal Ginideach (an mhí = na míosa)

An fhadhb

séimhiú (h) on ‘fadhb’ because 'fadhb' is feminine

Foclóir A-Z

  • Truaillithe
    (polluted)

  • Ag cur thar mhaoil
    (overflowing)

  • Saoránaigh
    (citizens)

  • Acmhainn
    (resource)

  • De shíor
    (always)

  • Dul chun cinn
    (improvement)

  • Garraíodóireacht
    (gardening)

  • Oibrí deonach
    (volunteer)

  • A rath
    (their success)

  • Inscríbhínn
    (inscription)

'ing'

  • Ag cur thar maoil
    (over-flowing)

  • Á phlé
    (discussing)

  • Ag glanadh 
    (cleaning)

An Bhéaltriail

  • 1

    Cén saghas fadhbanna atá i do cheantar?
    (What sort of problems are there in your area?)

  • 2

    An gcaitear go maith le seanóirí na laethanta seo?
    (Are elderly people treated well these days?)

  • 3

    An fhadhb mhór í fadhb an truaillithe sa tír seo?
    (Is pollution a big problem in this country?)

Want more tips from a state examiner for the béaltriail? Click the button below to listen to our podcast.

Related subjects & topics
Explore similar posts in our community