Tíreolaíocht
Clúdaíonn Tíreolaíocht don Teastas Sóisearach réimse ollmhór ábhar ó chúnamh don Tríú Domhan agus Bolcáin. Tá sé fíorthábhachtach na topaicí ar fad a chlúdach mar seans go bhfágfar san fhaopach thú sna ceisteanna gearrfhreagra.
Clúdaíonn Tíreolaíocht don Teastas Sóisearach réimse ollmhór ábhar ó chúnamh don Tríú Domhan agus Bolcáin. Tá sé fíorthábhachtach na topaicí ar fad a chlúdach mar seans go bhfágfar san fhaopach thú sna ceisteanna gearrfhreagra.
Céard atá ar an gcúrsa Tíreolaíochta don Teastas Sóisearach?
- Aerfótagraif
- Gníomhaíochtaí Eacnamaíochta
- Neamhionannas Geilleagrach
- Oighriúchán
- Réigiúin Charstacha
- Ollghluaiseacht
- Obair Léarscáile S.O
- Daonra
- Réigiúin agus an Eoraip
- Acmhainní agus Fuinneamh
- Aibhneacha
- Carraigeacha agus Síonchaitheamh
- Ithreacha
- An Domhan agus Plátaí
- An Fharraige
- Tíreolaíocht Uirbeach
- Aimsir agus Aeráid
Cén tslí a bhfuil an scrúdú tíreolaíocht don Teastas Sóisearach?
Tá 20 ceist ghearr (60 marc) sa chéad chuid den scrúdpháipéar a chlúdaíonn gach gné den chúrsa. I roinn 2 den pháipéar tá ort trí cheist fhada a dhéanamh. Bíonn codanna A, B agus C i ngach ceist fhada. Maireann an scrúdú ar feadh 2 uair, mar sin ba chóir duit 40 nóiméad a chaitheamh ar na ceisteanna gearrfhreagra agus 24 nóiméad ar gach ceann de na ceisteanna fada.
Aon leideanna le bheith rathúil i dTíreolaíocht an Teastais Shóisearaigh?
Déanann na ceisteanna gearrfhreagra measúnú ar gach gné den chúrsa, mar sin is fearr gan codanna an chúrsa a fhágáil amach. Déan cinnte go bhfuil léaráidí agus sracléarscáileanna lipéadaithe go soiléir. Déan cinnte go bhfuil a fhios agat conas ceist ar thírghné (aibhneacha/farraige/ oighearshruthanna) a fhreagairt mar thagann sé suas gach bliain. Déan staidéar ar gach topaic agus ansin déan iarracht na ceisteanna ar Studyclix a fhreagairt, agus tú ag seiceáil na scéimeanna marcála.
Íoslódáil an Siollabas Tíreolaíochta don Teastas Sóisearach
Íoslódáil Tuairisc na bPríomhscrúdaitheoirí - Tíreolaíocht don Teastas Sóisearach (2011)
Íoslódáil na Treoirlínte do Mhúinteoirí - Teastas Sóisearach