Stair - Ardleibhéal
Tá Stair sa Nua-Aois Dhéanach (1815-1993) don Ardteist roinnte ina sé ábhar Éireannacha agus sé ábhar Eorpacha. Ní smaoineamh maith é Stair Ardteistiméireachta a roghnú toisc gur shíl tú go raibh sí éasca don Teastas Sóisearach.
Tá Stair sa Nua-Aois Dhéanach (1815-1993) don Ardteist roinnte ina sé ábhar Éireannacha agus sé ábhar Eorpacha. Ní smaoineamh maith é Stair Ardteistiméireachta a roghnú toisc gur shíl tú go raibh sí éasca don Teastas Sóisearach.
Is cúrsa dúshlánach é Stair Ardteistiméireachta agus ní mór freagraí i stíl aiste a chumadh. Tá scileanna maithe Béarla, cumas taighde agus suim sa Stair tábhachtach má bhíonn tú i mbun an ábhair seo. Beidh thart ar 20% den toradh deiridh bunaithe ar thionscadal taighde atá déanta agat roimh an scrúdú.
Ábhar Cúrsa - Stair sa Nua-Aois Dhéanach
Stair na hÉireann (1815-1993)
- Éire agus an t-Aontas
- Gluaiseachtaí ar son Leasú Polaitíochta/Sóisialta
- Ar thóir an Fhlaithis
- Diaspóra na hÉireann
- Polaitíocht agus Sochaí i dTuaisceart Éireann
- Rialtas, Sochaí agus Geilleagar in Éirinn (1949-1989)
Stair na hEorpa agus an Domhain (1815-1993)
- Náisiúnachas agus Foirmiú Stát san Eoraip
- Náisiúnstáit agus Teannas Idirnáisiúnta
- Deachtóireacht agus Daonlathas
- Easaontas agus Athainíniú san Eoraip
- Cúlú na hEorpa ó Impireachtaí agus an Toradh
- Na Stáit Aontaithe agus an Domhan
An Scrúdú
Scrúdpháipéar scríofa (80%) agus tuairisc taighde (20%)
Ag na léibhéil araon, tá ceist doiciméid-bhunaithe ar an scrúdpháipéar (atá nasctha leis an staidéar doiciméid-bhunaithe) agus trí cheist ghinearálta. Na marcanna céanna atá ag gabháil leis na ceithre cheist.
Gairmeacha sa Todhchaí le Stair Ardteistiméireachta
Ní riachtanas é Stair Ardteistiméireachta do chúrsa ar bith sa chóras CAO. Is féidir úsáid a bhaint as Stair i réimse leathan gairmeacha le seandálaíocht, scríbhneoireacht, taighde, oideachas agus turasóireacht san áireamh.
Íoslódáil Siollabas Staire na hArdteistiméireachta
Íoslódáil Tuairisc na bPríomhscrúdaitheoirí - Stair Ardteistiméireachta (2011)
Íoslódáil Treoirlínte do Mhúinteoirí - Stair Ardteistiméireachta