Listen to our notes on Sraith Pictiúr 'Ag Campáil Cois Farraige' in the video above to help with your pronunciation. You can also read our notes below:
Notes on Sraith Pictiúr: Ag Campáil Cois Farraige
Start preparing for your oral exam with our H1 sraith pictiúr notes.
Notes
Pictiúr 1
I bpictiúr a haon, lá deireanach na hArdteiste atá ann: an dara lá is fiche de mhí an Mheithimh.
In picture one, it's the 22nd of June: the last day of the Leaving Cert.
Tá beirt bhuachaillí, Éamon agus Brian, díreach tar éis na scrúduithe a chríochnú agus fiafraíonn siad dá dtuismitheoirí an bhfuil cead acu dul ag campáil cois trá i Loch Garman don deireadh seachtaine.
Two boys, Eamon and Brian, have just finished the exams and they ask their parents if they are allowed to go camping by the beach in Wexford for the weekend.
Measann Mamaí gur smaoineamh maith é seo agus go ndéanfadh sé maitheas dóibh dearmad a dhéanamh ar ualach na hArdteiste. Ní féidir a shéanadh go bhfuil briseadh tuillte acu!
Mammy thinks this is a good idea and that it would do them good to forget about the burden of the Leaving Cert. You can’t deny that they deserve a break!
Pictiúr 2
Sroicheann na buachaillí a gceann scríbe roimh mheán lae. Tá an t-ionad campála lonnaithe i suíomh an-áisiúil agus tá radharc álainn ag an mbeirt. Is féidir leo báid seoil a fheiceáil san fharraige.
The boys reach their destination before midday. The camping site is located in a very convenient location and the pair have a lovely view. They can see sailing boats in the sea.
Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch fad is atá na buachaillí ag socrú an phubaill. Tá siad lánsásta leis toisc go bhfuil sé an-chompordach.
The sun is splitting the rocks while the boys set up the tent. They are pleased with it as it is very comfortable.
Tá an bheirt ag baint taitneamh as an tsaoirse tar éis an staidéir ar fad, is mór an faoiseamh dóibh é!
The two are enjoying the freedom after all the studying, it’s a great relief!
Pictiúr 3
I bpictiúr a trí, tá Éamon agus Brian ag sú na gréine cois trá. Tá siad ag tapú na deise mar is annamh a bhíonn lá chomh deas sin againn sa tír seo!
In picture three, Eamon and Brian are tanning on the beach. They are taking advantage of the opportunity because it is rare that we get such a nice day in this country.
I bhfaiteadh na súl, tosaíonn sé ag stealladh báistí, agus ritheann an bheirt i dtreo an phubaill.
In the blink of an eye, a rain shower appears and the two run towards the tent.
Usáideann Brian a thuáille chun an leabhar a bhí á léamh aige a chosaint ón mbáisteach.
Brian uses his towel to protect the book he had been reading from the rain.
Pictiúr 4
Faraor, nuair a shroicheann na buachaillí an puball, tá sé leagtha ag an ngaoth. Tuigeann siad anois an seanfhocal “ní bhíonn in aon rud ach seal”.
Unfortunately, when the boys reach the tent, the wind has knocked it down. Now they understand the saying "everything is temporary".
Tá scamaill dhubha ag bagairt os a gcionn agus tá crann ag lúbadh de dheasca na gaoithe.
There are black clouds threatening above and a tree is bending because of the wind.
Tá na buachaillí i gcruachás agus fliuch go craiceann freisin.
The boys are in a bad situation and soaking wet too.
Pictiúr 5
Níl an dara rogha acu ach glaoch a chur ar a dtuismitheoirí. Insíonn Éamon an scéal dá athair.
They have no other choice but to call their parents. Eamon tells the story to his father.
Tá athair Éamoin an-chabhrach. Deir sé leo go bhfuil óstán deas in aice láimhe agus go bhfuil aithne aige ar an mbainisteoir.
Eamon's Dad is very helpful. He tells them that there is a nice hotel at hand and that he knows the manager.
Buíochas le Dia, tá áit le fanacht acu anois. Cuireann Daid glaoch ar a chara agus cuireann sé seomra in áirithe dóibh. Tá díomá orthu faoin gcampáil ach tá an t-ádh leo leis an óstán.
Thank God they have a place to stay now. Dad calls his friend and reserves a room for them. They are disappointed about the camping but lucky to have the hotel.
Pictiúr 6
Sa phictiúr deireanach, tá an bheirt suite chun boird in Óstán na Faille. Tá béile te á ithe acu agus tá siad tirim anois.
In the last picture, the two are sitting at a table in Óstán na Faille. They are eating a hot meal and they are dry now.
Tá meangadh gáire orthu, agus tagann an seanfhocal "is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin" chun cuimhne.
They’re both smiling and the saying "it’s an ill wind that blows no good" comes to mind.
Murach an stoirm, ní bheidís ag fanacht in óstán sofaisticiúil! Ní dhéanfaidh siad dearmad ar an turas seo go deo.
Without the storm, they wouldn’t be staying in a sophisticated hotel. They won’t ever forget this trip.
Ceisteanna
- 1
Cén dáta atá ann i bpictiúr a haon?
(What date is it in picture one?) - 2
Cad atá á dhéanamh ag na buachaillí i bpictiúr a trí?
(What are the boys doing in picture three?) - 3
Cad a tharla don phuball i bpictiúr a ceathair?
(What happened to the tent in picture four?)
Gramadach
Ualach na hArdteiste | Tuiseal Ginideach (an Ardteist = na hArdteiste) |
Ag stealladh báistí | Tuiseal Ginideach (an bháisteach = ag stealladh báistí) |
A gceann scríbe | Aidiacht shealbhach = a gceann (plural) |
An t-ionad campála | urú (t) on the 'ionad' because it's masculine |
Foclóir A-Z
Féilire
(calendar)Fiafraigh + de
(ask)Ualach
(burden)Puball
(tent)Báid seoil
(sailing boats)Annamh
(rare)Ag stealladh báistí
(pouring rain)Ag lúbadh
(bending)
'ing'
Ag sú na gréine
(tanning/sun-bathing)Ag bagairt
(threatening)Ag tapú na deise
(taking advantage)
An Bhéaltriail
- 1
An ndeachaigh tú ag campáil riamh?
(Have you ever been camping?) - 2
Conas a dhéanfaidh tú ceiliúradh tar éis na hArdteiste?
(How will you celebrate after the Leaving Cert?) - 3
Conas a ligeann tú do scíth?
(What do you do to relax?)
Want more tips from a state examiner for the béaltriail? Click the button below to listen to our podcast.