Listen to our notes on Sraith Pictiúr 'Timpiste sa Choláiste Samhraidh' in the video above to help with your pronunciation. You can also read our notes below:
Notes on Sraith Pictiúr: Timpiste sa Choláiste Samhraidh
Start preparing for your oral exam with our H1 sraith pictiúr notes.
Notes
Pictiúr 1
Sa phictiúr seo, tá triúr buachaillí, Seán, Pól agus Eoin ar tí cúrsa Gaeilge a thosú sa Ghaeltacht.
In this pic, 3 boys are about to start an Irish course in the Gaeltacht.
Deir a dtuismitheoirí leo a bheith cúramach, taitneamh a bhaint as an gcúrsa agus guíonn siad ádh mór orthu.
Their parents tell them to be careful, to enjoy the course and they wish them well.
Fágann na buachaillí slán ansin lena dtuismitheoirí.
The boys then wave goodbye to their parents.
Pictiúr 2
Cuirtear clárama gnóthach le chéile do na daltaí.
A busy timetable is put together for the students.
Bíonn ranganna acu ar maidin ó leathuair tar éis a naoi go leathuair tar éis a dó dhéag.
They have classes in the morning from 9.30 to 12.30.
Tar éis an lóin, bíonn cluichí páirce ar an trá agus taobh istigh acu go dtí leathuair tar éis a cúig.
After lunch, they have games on the beach and indoors until half 5.
Ina dhiaidh sin, filleann na daltaí ar a dtithe lóistín le haghaidh dinnéir.
After that, the students return to their accommodation for dinner.
San oíche, eagraítear céilí nó seó tallainne.
At night, a céilí or talent show is organised.
Faoi dheireadh, glaoitear an rolla sna tithe ag leathuair tar éis a deich.
Finally, the roll is called in the houses at 10.30.
Pictiúr 3
Le linn cluiche peile ar an trá, gortaíonn Seán a chos go dona.
During a football match on the beach, Seán injures his leg badly.
Is léir go bhfuil sé i bpian uafásach agus é ag screadaíl in ard a chinn is a ghutha.
It's clear that he's in terrible pain and he's screaming at the top of his voice.
Pictiúr 4
Cuireann duine de na múinteoirí Seán sa ghluaisteán.
One of the teachers puts Seán in the car.
Is ar éigean atá sé in ann siúl.
He's hardly able to walk.
Tá trua ag na múinteoirí eile do Sheán mar go bhfuil dúil mhór aige sa spórt.
The teachers have great pity for Seán as he’s mad into sport.
larrann siad ar an múinteoir glaoch a chur orthu ón ospidéal atá 50 míle ón gcoláiste.
They ask the teacher to call them from the hospital that's 50 miles from the college.
Pictiúr 5
San ospidéal, tá dea-scéal ag an dochtúir agus é tar éis cos Sheáin a scrúdú.
In the hospital, the doctor has good news after examining Seán's foot.
Níl sí briste ach beidh air maidí coise a úsáid ar feadh tamaillín.
It's not broken but he'll have to use crutches for a while.
Ba cheart go mbeadh biseach air i gceann seachtaine.
He should be better in a week.
Glaonn an múinteoir ar mháthair Sheáin chun í a chur ar a suaimhneas.
The teacher calls Seán's mother to put her at ease.
Pictiúr 6
Ag fiche tar éis a deich, filleann Seán ar an gcoláiste agus tá an céilí faoi lán seoil.
At twenty past 10, Seán returns to the college and the céilí is in full swing.
Dar ndóigh, ní féidir leis páirt a ghlacadh sa spórt agus spraoi ach cuireann gach duine fáilte chroíúil roimhe.
Of course, he can't take part in the fun but everyone welcomes him back warmly.
Gan amhras, tá faoiseamh ar gach duine go bhfuil Seán ar ais slán sábháilte.
Without a doubt, everyone is relieved that Seán is back safely.
Ceisteanna
- 1
Cad atá ar siúl ag na buachaillí i bpictiúr a haon?
(What are the boys doing?) - 2
Cén t-am a gcríochnaíonn na ranganna?
(What time does the class finish?) - 3
Cén dea-scéal atá ag an dochtúir?
(What good news does the doctor have?)
Gramadach
Eagraítear | (is/are organised) - an briathar saor (aimsir láithreach) |
Ba cheart go mbeadh |
(should be) - modh coinníollach |
Fáilte a chur roimh |
(to welcome) |
Cos Sheáin | (Seán's foot) - an tuiseal ginideach (Sean = Sheáin) |
Foclóir A-Z
Slán a fhágail le
(to say goodbye to)Clárama
(timetable)Lóistín
(accommodation)Seó tallainne
(talent show)In árd a chinn is a ghutha
(at the top of his voice)Trua
(pity)Dúil
(love)Maidí coise
(crutches)Cur ar suaimhneas
(put at ease)Faoiseamh
(relief)
'ing'
Ag screadaíl
(screaming)
An Bhéaltriail
- 1
Ar fhreastail tú ar choláiste samhraidh riamh?
(Were you ever in a summer college?) - 2
An imríonn tú spórt?
(Do you play sport?) - 3
An bhfuil pleananna agat don samhradh?
(Do you have plans for the summer?)
Want more tips from a state examiner for An Béaltriail? Click the button below to listen to our podcast.