Eacnamaíocht Bhaile
Tá baint dhíreach ag Eacnamaíocht Bhaile don Teastas Sóisearach leis an lá atá inniu ann agus todhchaí na ndaoine óga. An cuspóir atá aici ná scileanna tábhachtacha a mhúineadh do dhaoine óga ag maireachtáil mar dhaoine aonair agus conas timpeallacht sheasmhach a chruthú dá dteaghlaigh.
Tá baint dhíreach ag Eacnamaíocht Bhaile don Teastas Sóisearach leis an lá atá inniu ann agus todhchaí na ndaoine óga. An cuspóir atá aici ná scileanna tábhachtacha a mhúineadh do dhaoine óga ag maireachtáil mar dhaoine aonair agus conas timpeallacht sheasmhach a chruthú dá dteaghlaigh.
Is ábhar a bhfuil tóir air é Eacnamaíocht Bhaile don Teastas Sóisearach le 20,000 iarrthóir i mbun an scrúdpháipéir gach bliain, a chuimsíonn 35% de líon na ndaltaí ar fad atá i mbun an Teastais Shóisearaigh bliain ar bith.
Tá cúrsa Eacnamaíocht Bhaile an Teastais Shóisearaigh deighilte i roinnt ábhar.
- Staidéar Bia agus Scileanna Cócaireachta
- Staidéar Tomhaltais
- Staidéar Sóisialta agus Sláinte
- Bainistiú Acmhainní agus Staidéar Tí
- Teicstilí
Rogha
Bíonn tionscadal de chineál éigin i gceist i gcuid roghnach an chúrsa. Socraíonn an múinteoir é seo de ghnáth agus déantar measúnú air leis féin seachas leis an bpáipéar scríofa. Na roghanna d’Eacnamaíocht Bhaile an Teastais Shóisearaigh:
- Cúram Leanaí
- Dearadh agus Ceardaíocht
- Scileanna Teicstíle
Roghnaigh formhór (80%) na ndaltaí tionscadal Dearaidh agus Ceardaíochta in 2012, le 17% i mbun tionscadal Chúram Leanaí agus níos lú ná 2% i mbun tionscadal teicstíle.
Cuirtear Eacnamaíocht Bhaile ar fáil don Teastas Sóisearach ag an ardleibhéal agus ag an ngnáthleibhéal, le 75% de dhaltaí i mbun an ardleibhéil le blianta anuas.
Ceaptar go bhfuil Eacnamaíocht Bhaile don Teastas Sóisearach mar cheann de na hábhair is praiticiúla atá ar fáil do dhaltaí. Socraítear 50% de ghrád iomlán an dalta san Eacnamaíocht Bhaile ag an ardleibhéal roimh an scrúdú i mí Meithimh. Is fiú 35% é an scrúdú cócaireachta do dhaltaí ag an ardleibhéal agus tá 15% ag gabháil leis an tionscadal roghnach. Ag an ngnáthleibhéal is fiú 45% é an scrúdú cócaireachta den ghrád iomlán agus arís tá 15% ag gabháil le an tionscadal roghnach.
Íoslódálacha:
Siollabas Eacnamaíocht Bhaile an Teastais Shóisearaigh
2012 Tuairisc na bPríomhscrúdaitheoirí - Eacnamaíocht Bhaile an Teastais Shóisearaigh